Nuair a bhí sí críochnaithe i Leitir Ceanainn, phill sí na bhaile go Mín na Craoibhe. Casadh a fear céile uirthi ansin agus bhog sí go Mín Doire. Bhí go leor oibre le déanamh ansin fosta ach ní raibh an t-am go crua. Bhí teaghlach aici ansin. D’oibir siad go crua ach níor mhiste léi sin. Bhí orthu siúl gach áit a bhí le dhul acu. Nuair a bhí siad ag dul ag damhsa, bhí orthu siúl fosta. 6pingin a bhí le díol isteach ag an damhsa agus bhí sin deacair a fháil corr uair fosta.